Bibliography

Ní Úrdail, Meidhbhín, “Annála Inse Faithleann an ochtú céad déag agus Cath Chluain Tarbh”, Eighteenth-Century Ireland / Iris an dá chultúr 20 (2005): 104–119.

  • journal article
Citation details
Article
Annála Inse Faithleann an ochtú céad déag agus Cath Chluain Tarbh”
Volume
20
Pages
104–119
Description
Abstract (cited)

Cuid thábhachtach de shaothrú léann na Gaeilge san ochtú céad déag ab ea é abhar staire dúchais a theaglamú agus a thabhairt le chéile: ba chás leis an lucht léinn ag an am, idir scríbhneoirí agus léitheoirí, an staireagrafaíocht féin. Níorbh ionadh san, gan dabht, toisc ceist an aitheantais agus tuiscintí i leith an chultúir Ghaelaigh a bheith ag athrú de réir a chéile in Éirinn san am úd. Fairis sin, bhí tábhacht nach beag ag gluaiseacht na hársaíochta agus ag an athrú dá réir a chuaigh ar phátrúntacht na scríobhaithe dúchais Ghaeilge san ochtú céad déag. Bhí bonn leagtha cheana féin fé athinsint na staire sa tseachtú haois déag san Eoraip trí chéile, gan amhras, nuair a tháinig tuiscintí nua ar an stair agus ar an staireagrafaíocht. Cuimhnímid i gcás na hÉireann, mar shampla, ar an bhflosc chun taifeadta a thaispeáin Míchéal Ó Cléirigh agus a chomh-Phróinséiseánaigh idir na blianta 1632 agus 1636 gurbh é Annála Ríoghachta Éireann a thoradh san; nó fós ar Foras Feasa ar Éirinn Shéathrúin Chéitinn a mheas (fé mar a áitimh sé féin sa réamhrá ansúd) ‘ná’r bh’oircheas comhonóraighe na hÉireann do chrích, agus comh-uaisle gach foirne d’ár áitigh í, do dhul i mbáthadh, gan luadh ná iomrádh do bheith orra’.

Subjects and topics
Sources
Texts
Contributors
Dennis Groenewegen
Page created
December 2022